Cur chuige STREAM
D’fhéadfadh go mothófá uaigneach agus scoite amach uaireanta agus tú ag foghlaim ar líne. Cuireann sé seo isteach ar roinnt daoine – ní bhíonn siad spreagtha agus ní theastaíonn uathu a bheith rannpháirteach. D’fhéadfadh na daoine seo éirí as an bhfoghlaim nó fiú éirí as an gcúrsa ar fad, mura dtugann siad faoi na deacrachtaí seo.
Ach ní gá don fhoghlaim ar líne a bheith idir mheicniúil agus uaigneach. Mar atá mínithe san acrainm STREAM, cuimhnigh i gcónaí gur chóir duit mothú mar seo agus tú ag foghlaim ar líne:
Tacaithe (Supported)
Eolach ar an Teicneolaíocht (Tech-Savvy)
Suaimhneach (Relaxed)
Rannpháirteach (Engaged)
Neamhspleách (Autonomous)
Spreagtha (Motivated)
Cas na luaschártaí chun tuilleadh eolais a fháil amach faoi CHUR CHUIGE STREAM agus na gnéithe a bhaineann leis.
Féinmhachnamh
Anois, ag tosú leis na 6 fhrása atá leagtha amach ag an gcur chuige STREAM (Tacaithe – Eolach ar an teicneolaíocht – Suaimhneach – Rannpháirteach – Neamhspleách – Spreagtha), glac 2 nó 3 nóiméad le machnamh a dhéanamh ar an mbrí atá leo duitse
An féidir leat smaoineamh ar thréithe tábhachtacha eile a thacódh le d’fhoghlaim ar líne? Ná bíodh leisce ort roinnt nótaí a ghlacadh nó fiú do chuid mothúchán agus smaointe a sceitseáil.
An Ceacht Roimhe Seo
leideanna maithe chun an leas is fearr a bhaint as do thaithí r-fhoghlama
An Chéad Cheacht Eile
treoirlíne maidir le hiompar measúil agus tú ag foghlaim ar líne